Pearsanra
Imeachtaí Scoile
Fáilte go dtí an Suíomh Nua!

Tá Coláiste Ráithín ar an bhfód ó 1991. Thosaigh sé le 33 dalta agus cé go bhfuil fás an-mhór tagtha ar líon na ndaltaí ó shin is scoil bheag phearsanta fós í. Tá atmaisféar na scoile bunaithe ar chairdeas agus ar omós. Tugann sé seo deis do na daltaí tuiscint a fháil ar an saol le tacaíocht óna gcuid múinteoirí agus óna gcomhscoláirí. Ní beag an méid atá bainte amach ag ár n-iarscoláirí cheana féin i saol acadúil, saol sóisialta agus saol oibre na tíre.
'Sé mana na scoile ná "Ad Totam Personam" nó an dalta a fhorbairt ina iomláine. Mar ráiteas misin 'sé an cuspóir atá againn ná "Oideachas Leathan Liobrálach a chur ar dhaltaí trí Mheán na Gaeilge".
Níl aon réimse foghlama ná aon cheisteanna nach bhfuilimid sásta, i
bprionsabal, aghaidh a thabhairt orthu. Cuirimid romhainn ligean do
dhaltaí bláthú agus na buanna atá acu a thabhairt go barr feabhais.
Focal ón bPríomhoide
| Bhur gcéad míle fáilte go dtí an suíomh nua idirlíon seo. Más mall is mithid agus tá súil agam go mbeidh sé mar nasc eadrainn chun ár gcuid muinteoirí, ár ndaltaí, ár dtuismitheoirí agus ár n-iardhaltaí
a choimeád i dteagmháil lena chéile. Níl an suíomh ach ina thús agus ba bhreá linn cloisint uaibh. Is féidir teacht orainn ar Facebook. * Féach thíos faoi 'Fógraí' chun teacht ar Nuachtlitir mhí Aibreáin agus mhí Bealtaine: |
![]() |
Fógraí
Coimeád súil ar a bhfuil ag tarlú...
- Nuachtlitir: Bealtaine 2012
- Nuachtlitir: Aibreán 2012
- Léirsiú le cóiríocht a éileamh do Choláiste Ráithín, 25 Aibreán 2012 (www.gaelscoileanna.ie)
- Béarla: Protest March to demand accommodation for Coláiste Ráithín, April 25th (www.gaelscoileanna.ie)
- Agóid - 2ú Bealtaine 2012
- Nua-Scéalta ar Facebook


